Tuesday, June 30, 2020

Oideas Arán Sóide - Soda Bread Recipe

Arán Sóide (donn): Na Comhábhair

plúr donn: ceithre chupán agus plúr bán: dhá chupán

bláthach, bainne géar, nó bainne géaraithe le gealtartar: cupán amháin agus giota beag eile má tá sé de dhíth don uigeacht

sóid aráin (décharbónáit sóidiam): taespúnóg amháin

salann: taespúnóg amháin, agus gráinnín eile don ghlónra

Agus más rogha leat: gealacán uibhe (ón ubh a úsáidfidh tú don ghlónra — an gealacán mar chomhábhar san arán agus an buíocán don ghlónra) — thosaigh mé le seo a dhéanamh mar cad é eile a dhéanfá le gealacán ubh amháin? Ní leor d’uibheagán é agus ní mórán é le n-ithe leis féin. Cuir an gealacán (é buailte) sa bhainne nó cuir sa taos é nuair a bheas an taos leathmheasctha agus measc níos mó é. Is é mo bharúil go mbíonn an t-arán beagán níos éadroime le gealacán na huibhe ann. Agus is í troime an príomhdháinséar a bhaineanns le bácáil arán sóide. Amanna tagann sé amach mar bhríce, róthrom. Tharla sé dom uair amháin, pé scéal é. I ndiaidh na huaire sin, fadhb ar bith. Glónra (rud nach bhfuil i ngach oideas arán sóide ach rud a dhéanaim féin, de ghnáth): buíocán uibhe agus beagán uisce agus gráinnín salainn, measctha le chéile go dtí go bhfuil sé mar leacht gan chnapanna gan righne. Más mian leat, is féidir rudaí mar chuiríní nó rísíní a chur ann, nó le bheith neamhthraidisiúnta, síolta lus na gréine, cnónna mionghearrtha, srl.


Treoracha Measc na comhábhair thirime le chéile i mbáisín agus déan “tobar” (poll) sa lár.

Cuir an chuid is mó den bhainne sa tobar, go leor de le taos tiubh a dhéanamh (ach fág giota beag den bhainne amuigh; seans go mbeidh sé de dhíth níos moille).

Measc le spúnóg adhmaid é. Ba chóir go mbeadh an meascán bog ach gan a bheith fliuch. Measc go héadrom agus go tapaidh é. Má tá an meascán rórighin, úsáid beagán níos mó bainne.

Cuir beagán plúir ar do lámha agus cuir an meascán ar losaid phlúrtha nó ar chlár plúrtha agus leacaigh an taos i gcruth ciorcail thart fá orlach go leith ar airde.

Cuir an glónra ar an taos le scuab thaosráin. Tá a lán cineálacha glónra ann ach má úsáideann tú ubh amh sa ghlónra, cuirtear ar an arán roimh bhácáil é. Cuir an taos ar leathán bácála smeartha (le him nó le hola chócaireachta) agus gearr cros mhór thairis le scian phlúrtha. I mo thaithí féin, is féidir leathán bácála cothrom nó panna builín cruinn a úsáid. I mo thaithí féin, ar a laghad, coinníonn an t-arán a chruth, fiú ar leathán cothrom. Tar éis an tsaoil, is taos é — ní fuidreamh é. Bácáil in oigheann 375-400°F ar feadh 40 nóiméad é. Úsáid tástálaí císte (nó scian) le fáil amach an bhfuil sé réidh nó nach bhfuil. Bí cinnte go dtagann an tástálaí amach glan lonrach agus nach bhfuil taos amh (neamhbhácáilte) fós ann. Má tá sé taosach fós, lig don arán bácáil ar feadh, b’fhéidir, cúig nóiméad eile agus tástáil aríst é. Lig don arán fuarú ar raca sreinge agus ansin cuir éadach glan mar thuáille tae thart ar an arán chun é a choinneáil bog go dtí go n-itear é. Bain sult as! Sin é, arán sóide. An-bhlasta, go mór mór le him agus le subh, mar a dúirt mé thuas. Nó le cáis. Chuala mé i gcónaí gan arán úr a ithe agus é te fós ón oigheann. Leis an fhírinne a dhéanamh, níl a fhios agam cén fáth. Ach is dócha gur chóir gan an t-arán seo a ithe go dtí go bhfuil sé fionnuar (ag teocht an tseomra). Ansin, plac ort. SGF — Róislín